Pádraig Ua Maoileoin

Úrscéalaí, file, foclóirí, aistritheoir, eagarthóir agus raconteur ab ea Pádraig Ua Maoileoin. Chaith sé tréimhse sa Gharda Síochána agus tréimhsí eile mar léitheoir nuachta le RTÉ. Ar na leabhair a scríobh sé tá Bríde Bhán agus Na hAird ó Thuaidh. Ba i gCeann an Dúna i nDún Chaoin a rugadh é sa bhliain 1913. Chaith sé cuid mhór dá shaol i mBaile Átha Cliath agus ba sa bhliain 2002 a cailleadh é.

Ba é Fonn a Níos Fiach an leabhar leis féin ab ansa leis an údar. 

I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.

Tuilleadh
Seo é an chead úrscéal le Pádraig Ua Maoileoin. D'fheadfaí 'Lá Lá i nDún Chaoin'; a bhaisteadh ar Bríde Bhán. Tá an scéal seo fáiscthe isteach i dhá lá i saol an pharóiste agus is ionann an dá lá sin agus dhá chead bliain i saol na hÉireann. Bréag-ghaiscer agus fir is mná ag imeacht seasc.., breeoiteacht mhór an tsaoil, agus fonn luí le bean ar gach aon fhear. Úrscéal cumhachtach saibhir ina leagann an t-údar méar ar cheann de ghalair mhóra shóisialta na tíreas miocracasm an tsaoi i bparóiste beag amháion in Éirinn.

Tuilleadh